Welcome Message from Uachtarán an Chomhaltais
A chairde go léir, cuireann sé áthas ar mo chroí fáilte Uí Cheallaigh a chur romhaibh ar fad chuig Fleadh Cheoil Chonnachta, Béal Átha na mBuillí 2024.
Tá mé lán cinnte go mbainfidh sibh go léir taitneamh as na h-imeachtaí ar fad atá eagraithe ag an gcoiste áitiúil.
Tá obair na gcapaill déanta ag na daoine anseo i mBéal Átha na mBuillí le beagnach bliain anuas agus gabhaim buíochas leo ar fad as an sár iarracht atá déanta acu ar fad.
Buíochas ó chroí le Comhairle Chonnachta as an díograis agus an tacaíocht a thug siad do Choiste na Fleidhe agus do gach cuid den bhFleadh.
Má tá seans agat i rith na seachtaine, tabhair cuairt ar roinnt de na h-imeachtaí atá ar siúl mar chuid de Fhleadh an Phobail. Tá imeachtaí de gach saghas ann atá oiriúnach do chuile aois. Comhghairdeas mór leis na h-eagraíochtaí áitiúla ar fad atá ag glacadh páirt an tseachtain seo.
Ná déan dearmad ar na comhlachtaí a thug urraíocht don bhFleadh. Gan a gcuid tacaíochta, ní bheadh an Fhleadh againn.
Bíodh Fleadh iontach agaibh go léir. Go n-éirí le gach iomaitheoir ar fad. Tá súil agam go mbeidh cuimhní iontacha na Fleidhe agaibh le fada an lá.
Attracta Ní Bhrádaigh
Uachtarán an Chomhaltais